An tAire Airgeadais, Cathal Mac Riabhaigh TD, a bhunaigh Bord na hÉireann um an Athrú go dtí an Euro ar an 5 Bealtaine, 1998. Dhá thasc bhunaidh a bhí aige: maoirsiú a dhéanamh ar mhionchur chun feidhme an athraithe go dtí an euro agus eolas poiblí agus eolas tomhaltóirí a sholáthar. Chuimsigh an Bord ionadaithe ó raon leathan eagraíochtaí feadh shochaí na hÉireann. An Roinn Airgeadas a sholáthair a Chathaoirleach agus an Rúnaíocht a bhí aige.
Is é seo an ceathrú tuarascáil ón mBord agus an tuarascáil deiridh uaidh agus clúdaítear léi an tréimhse ón 1 Bealtaine 2001 go dtí deireadh an athraithe ar an 9 Feabhra 2002. Maidir leis an gcur chun feidhme, dhírigh an ghníomhaíocht le linn na tréimhse sin ar reachtaíocht, ar ullmhúcháin na hearnála poiblí agus ar mhonatóireacht ar ullmhúcháin na leas-sealbhóirí ba thábhachtaí don athrú airgid thirim. Foráladh, leis an Acht um an Athrú go dtí an Euro (Méideanna) 2001, a achtaíodh ar an 25 Meitheamh 2001, i gcásanna inar ghá, do mhéideanna caoithiúla i euro a chur in ionad méideanna Punt Éireannach ó thaobh an dlí de ón 1 Eanáir 2002. Chomh maith leis sin is amhlaidh a rinneadh roinnt Orduithe, lena n-áirítear ceann chun an stádas dlíthairisceana a bhaint de nótaí agus boinn an Phuint Éireannaigh ag meán oíche ar an 9 Feabhra 2002. Géaraíodh ar mhonatóireacht ullmhúcháin na hearnála poiblí le tuarascálacha míosúla chuig an Rialtas chun a chinntiú go raibh siad de réir sprice. Ar deireadh thiar, rinne Aonad Pleanála an Bhoird monatóireacht ar ullmhúcháin na leas-sealbhóirí ba thábhachtaí i dtionscadal formhaoirsiúcháin a bhí dírithe ar a chinntiú go ndéanfaí an t-athrú airgid thirim a chur i bhfeidhm ar bhealach chomh réidh agus ab fhéidir.
Maidir le heolas poiblí, chomheagraigh an Bord an Clár Eolais Náisiúnta, lenar cuimsíodh a chuid gníomhaíochtaí eolais phoiblí féin, Feachtas Feasachta Gnó EMU/Forfás, agus Clár tacaíochta d'Eagraíochtaí Neamh-Rialtais a bhí á riar ag an mBord. Rinne an tAontas Eorpach páirtchistiú ar an gClár Eolais Phoiblí.
I dtaca leis an eolas poiblí, reáchtáil an Bord feachtais fhógraíochta a bhí ceaptha sainteachtaireachtaí a sheachadadh ag tráthanna cuí. Baineadh úsáid as fógraíocht teilifíse, nuachtáin, raidió agus fograíocht lasmuigh agus chuidigh suirbhéanna rialta ar leibhéil fheasachta an phobail le cruth a chur ar na feachtais. Baineadh buaicphointe na gníomhaíochta fógraíochta amach le dianfheachtas ó Dheireadh Fómhair 2001 go dtí luath-Eanáir 2002, agus bhí feachtas gairid ann roimh dheireadh an athraithe go luath i bhFeabhra 2002. Rinneadh iarrachtaí ar leith d'fhonn a chinntiú gur cuireadh teachtaireachtaí abhaile ar ghrúpaí ísealfheasachta.
Chomh maith leis an bhfógraíocht, rinne an Bord Lámhleabhar Euro cuimsitheach 24-leathanach a scaipeadh ar gach aon teaghlach i nDeireadh Fómhair/go luath i mí na Samhna, chomh maith le tiontaire leictreonach a scaipeadh ar gach aon teaghlach i Samhain/go luath i mí na Nollag 2001.
Tháirg an Bord roinnt ábhar eolais nua le linn thréimhse na Tuarascála seo agus scaip sé líon mór acu, mar aon le líon mór dá chuid ábhar a bhí aige cheana féin, trí dháiltí spriocdhírithe ar scaoileanna, leabharlanna etc, agus mar fhreagairt ar iarrataí. Dáileadh breis agus leathmhilliún ítim gach mí agus is i mí na Samhna 2001 a bhí an buaic-éileamh ar ábhair an Bhoird, tráth ar scaipeadh beagnach 3.5 mhilliún ítim. Lean an Bord i mbun oibre lena chuid líonraí éagsúla, lena n-áirítear a Phainéal Comhairleachta agus a Fho-Choiste Eolais, d'fhonn a chinntiú go scaipfí eolas maidir leis an euro.
Chuaigh Taispeántas Bóthair an Bhoird chuig gach aon chontae i gcaitheamh na tréimhse Bealtaine go Samhain agus reáchtáladh ocht n-ócáid réigiúnacha chomh maith. Rinneadh láithreán gréasáin an Bhoird a choinneáil cothrom le dáta ar bhonn rialta agus fuarthas breis agus 400,000 cuairt air. Dáileadh pacáistí oiliúna go forleathan d'fhonn a chumasú do ghrúpaí saorálacha agus pobail a gcuid cliant a chur ar an eolas faoin athrú. Coimisiúnaíodh físeán eolais phoiblí nua agus rinneadh é a dháileadh go forleathan freisin.
Rinne an Bord ábhair nua a tháirgeadh do dhaoine a raibh riachtanais speisialta acu nó chuidigh sé leis an táirgeadh sin, lena n-áirítear tiontairí labhartha agus cluasleagan de Lámhleabhar Euro an Bhoird. Lean an Bord dá pholasaí i dtaca le hábhair a chur ar fáil i nGaeilge agus iad a dháileadh go forleathan. Choinnigh an Bord a sheirbhís Lóghlao á bhí á láimhseáil ag oibreoir seirbhíse ó dheireadh mhí Meán Fómhair 2001: as sin go dtí deireadh an athraithe láimhseáil sé breis agus 50,000 glao.
D'eagraigh an Bord roinnt ócáidí do na meáin i gcaitheamh na tréimhse, lena n-áirítear comhdhálacha don phreas agus socruithe do ghrianghrafanna. Coinníodh dlúththeagmháil le Feachtas Feasachta Gnó EMU/Forfás, agus bhí breis agus 120 eagraíocht bainteach le Clár páirtchistiúcháin 2001/2002 an Bhoird d'Eagraíochtaí Neamh-Rialtais.
Cuireadh an t-athrú go dtí an euro i bhfeidhm go réidh, go gasta agus leis an díshocraíocht ba lú don ghnó agus don phobal. Faoi dheireadh an chéad deireadh seachtaine, is i euro a bhí bunáite na n-idirbheart airgid á ndéanamh agus bhí an t-athrú curtha i gcrích, geall leis, laistigh de sheachtain. Gabhann an Bord a bhuíochas leo siúd uile a bhí bainteach leis an athrú agus déanann sé comhghairdeas leo, agus an pobal i gcoitinne san áireamh ansin, as an athrú a bheith déanta ar bhealach chomh rathúil sin.
The Fourth Annual Report - Executive Summary
PART I: Introduction and Establishment, Tasks and Membership of the Board etc.
Table of Contents