Euro Changeover Board of Ireland ArticlesReturn to Index
 
Homepage What is the ECBI ? Whats New Notes & Coins Schools Page Timetable for Change The National Changeover Plan The Cash Changeover Plan Legislation Articles Euro Calculator Frequently Asked Questions Further Information & Links & Links
Back To Top
Back To Top
An Chéad Tuarascáil Bhliantúil Achoimre Feidhmiúcháin

Bhunaigh Cathal Mac Riabhaigh TD, Aire Airgeadais, Bord na hÉireann um an Athrú go dtí an Euro ar an 5 Bealtaine, 1998. Tá dhá bhuntasc aige; maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú mionsonraithe an athraithe go dtí an euro agus eolas a chur ar fáil don phobal agus do thomhaltóirí. Tá ionadaithe ar an mBord ó réimse leathan eagraíochtaí i ngach cuid de shochaí na hÉireann. Cuireann an Roinn Airgeadais Cathaoirleach agus Rúnaireacht ar fáil don Bhord.

Baineann an Tuarascáil seo leis an gcéad bhliain don Bhord a bheith ann, is é sin le rá ó 5 Bealtaine 1998 go 30 Aibreán 1999. Le linn na tréimhse sin bhí páirt iomlán ag an mBord in ullmhú an Achta um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, 1998, agus an tríú heagrán de EMU and the Euro: Ireland's National Changeover Plan , agus freisin sna hócáidí a bhí ann chun an euro a lainseáil ar an 1 Eanáir 1999. Faoi láthair tá breithniú ar siúl i dtaobh tabhairt isteach nótaí agus bonn euro ar an 1 Eanáir 2002 agus ar tharraingt siar nótaí puint na hÉireann.

Déanann an Bord comhordú ar an gClár Eolais Náisiúnta: is iad na codanna éagsúla den chlár sin ná gníomhaíochtaí eolais phoiblí an Bhoird féin, Feachtas Eolais EMU Forfás do Ghnóthaí, agus clár tacaíochta d'Eagraíochtaí Neamh-Rialtasacha (ENR) atá faoi riaradh an Bhoird. Faigheann an Clár Eolais Náisiúnta cuid dá mhaoiniú ón Aontas Eorpach.

I dtaca le heolas a thabhairt don phobal, reáchtáil an Bord trí fheachtas fógraíochta faoin euro ar a raibh an teilifís, an raidió náisiúnta agus áitiúil, na nuachtáin náisiúnta agus áitiúla agus fógraí allamuigh; ina theannta sin, scaipeadh tuairim is 4.5 milliún bileog eolais agus níos mó na 200,000 póstaer i measc an phobail. Tá láthair líonra curtha ar bun ag an mBord freisin, mar aon le leathanach Aertel agus líne chabhrach glao áitiúil, agus d'ullmhaigh sé dhá fhíseán eolais don phobal. Coimeádadh dlúthcheangal ar bun le Feachtas Eolais EMU Forfás do Ghnóthaí agus fuair 19 n-eagraíocht maoiniú páirteach faoin gClár ENR 1998 i gcomhair réimse leathain feachtaise eolais faoin euro.

Chuir an Bord Painéal Comhairleach ar bun ar a bhfuil eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do dhaoine ar dóigh dóibh riachtanais speisialta a bheith acu maidir leis an athrú go dtí an euro agus, cheana féin, tá ábhair éagsúla curtha ar fáil chun cabhrú le daoine a bhfuil riachtanais den sórt sin acu: tá sé beartaithe tuilleadh a dhéanamh sa réimse seo. Chomh maith leis sin tá naisc fhorleathana forbartha ag an mBord leis an earnáil oideachais agus tá réimse ábhar curtha ar fáil don earnáil sin: tá tuilleadh ábhar á n-ullmhú. Tá ábhair áirithe curtha ar fáil ag an mBord i nGaeilge agus leanfar de sin a dhéanamh.

Reáchtáil an Bord clár traenála forleathan d'fhoireann sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí agus chuir sé traenáil ar fáil freisin d'ionadaithe eagraíochtaí pobail agus d'eagraíochtaí deonacha. Rinneadh cuid mhór agallamh ar an teilifís, ar an raidió agus sna nuachtáin, agus tugadh cuairt ar thrí cinn déag d'ionaid réigiúnacha i rith na bliana; eagraíodh seastáin ag roinnt mórthaispeántas agus tugadh léachtaí agus léirithe ag an leibhéal áitiúil.

Go hachomair, tá clár leathan gníomhaíochtaí curtha i bhfeidhm ag an mBord i gcomhlíonadh a chuid oibre agus tá dúshraith mhaith leagtha síos aige don am atá romhainn. Gabhann an Bord buíochas le gach duine a thug cabhair dó i dtaca lena chuid gníomhaíochtaí go nuige seo agus tá sé ag súil go leanfar den chomhoibriú seo.

Sna hAguisíní a ghabhann leis an Tuarascáil feicfear liosta na mball den Bhord, dá Fhochoistí, den Phainéal Comhairleach agus den Rúnaireacht agus d'fhaighteoirí maoinithe faoin gClár ENG do 1998; tá ráiteas caiteachais iontu; agus tugtar staitisticí iontu faoi dháileadh ábhair eolais.

View English Version


Home PageWhat is the ECBI? Whats NewNotes and Coins| Schools Page  Timetable for the ChangeoverNational Changeover Plan
Cash Changeover Plan | Legislation ArticlesEuro Calculator Frequent QuestionsFurther Information & Links