RÉAMHRÁ
Is é an Euro an t-airgead nua do 12 thír den Aontas Eorpach, lena n-áirítear
Éire. Ar an Máirt, 1 Eanáir 2002 (€-lá), a thiocfaidh nótaí agus boinn
Euro isteach agus a thosófar ar nótaí agus boinn Éireannacha a tharraingt
siar. Ar feadh sé seachtaine nó mar sin, beidh méadú ag teacht ar úsáid
na nótaí agus na mbonn euro agus laghdú ag teacht ar úsáid na mbonn
Éireannach agus na nótaí Éireannacha. Tiocfaidh deireadh leis an tréimhse
dhéchúrsaíochta sin ag meán oíche ar an Satharn 9 Feabhra 2002. Ina
dhiaidh sin ní bheidh stádas dlíthairisceana feasta ag nótaí agus boinn
Éireannacha - nó lena chur ar bhealach eile, ní bheidh aon cheangal
ar dhaoine glacadh leo mar íocaíocht.
Sa lámhleabhar seo inseofar duit
- cad é an euro, cén méid is fiú é agus conas
ullmhú faoina choinne
- conas a oibreoidh an t-athrú go dtí airgead
tirim euro
- cad is féidir linn uile a dhéanamh chun cuidiú
leis an athrú
- cén chuma a bheidh ar nótaí agus boinn euro
- cad a tharlóidh maidir le cúrsaí tomhaltóirí
- cad a tharlóidh maidir le hítimí eile, e.g.
pinsin choigríche, meaisíní díola
- cad a dhéanfaidh na heochaireagraíochtaí don
athrú.
Inseofar duit freisin ann conas comhshó ó phuint
Éireannacha go euro agus ó euro go puint Éireannacha, léirítear táblaí
comhshóite ann do mhéideanna caighdeánacha agus tugtar pointí teagmhála
ann le haghaidh tuilleadh faisnéise.
Bord na hÉireann um an Athrú go dtí an Euro
a d'ullmhaigh an lámhleabhar seo.
Bord na hÉireann um an Athrú go dtí an Euro, 15 Sráid Haiste Íochtair,
Baile Átha Cliath 2.
Lóghlao: 1890 20 10 50 Facs: 01 639 6201 Láithreán Gréasáin: www.euro.ie
An English version of this handbook is available.
Tá fáil ar fhaisnéis faoin euro i bhformáidí eile freisin, e.g. téip
fuaime agus braille.