|
|
BAINC AGUS CUMAINN FHOIRGNÍOCHTA
Comhshó Cuntas
- Ón 1 Eanáir 2002, déanfar cuntais i bpuint
Éireannacha a chomhshó go huathoibríoch go euro de réir an ráta comhshóite,
saor ó tháille. Déanfar cuntais in airgeadraí eile de chuid an limistéir
euro a chomhshó go huathoibríoch go euro freisin, de réir an ráta
chomhshóite chuí, saor ó tháille
- Sa chéad ráiteas cuntais nó sna chéad ráitis
chuntais de do chuid do 2002, beidh mionsonraí ann/iontu faoi do chuntas/do
chuntais tar éis an chomhshóite go euro ar an 1 Eanáir 2002.
Meaisíní Balla ATM (Dáileoirí Airgid)
- Leanfaidh meaisíní balla ATM de phuint Éireannacha
- agus puint Éireannacha amháin - a dháileadh go dtí an 1 Eanáir 2002
- Dúnfar gach aon mheaisín balla ATM timpeall
1.30 a.m. ar an 1 Eanáir 2002 d'fhonn an t-athrú go dáileadh nótaí
euro a éascú. Tiocfaidh siad ar ais chun oibríochta ar bhonn céimnithe
i gcaitheamh an lae
- Faoi am dúnta gnó ar an 1 Eanáir 2002, beidh
bunáite na meaisíní balla ATM ar ais agus iad oibríoch mar is gnáth
agus gan á ndáileadh acu ach nótaí euro
- I dtús báire, nótaí €10 agus €20 den chuid
is mó a bheidh á ndáileadh as na meaisíní balla ATM, agus leanfar
d'ainmníochtaí eile ar nós €50 a dháiladh go luath ina dhiaidh sin.
Seirbhísí
Ón 1 Eanáir 2002
- próiseálfar astarraingtí agus lóisteálacha
i euro
- is i euro a bheidh gach uile sheirbhís
- Déanfar dírdhochair agus orduithe seasta a
chomhshó go huathoibríoch go euro, saor ó tháille
- Leanfar de nótaí agus boinn Éireannacha a
ghlacadh i lóisteálacha ó chustaiméirí tar éis an 9 Feabhra 2002,
ar feadh tréimhse a bheidh le cinneadh ag gach foras.
Babhtáil Airgid Thirim
- Déanfaidh bainc agus cumainn fhoirgníochta
méideanna teaghlaigh de nótaí agus boinn Éireannacha a bhabhtáil,
saor ó tháille, ar euro ón 1 Eanáir 2002 go dtí an 9 Feabhra 2002
agus go ceann tamaill ina dhiaidh sin a bheidh le cinneadh ag gach
foras. Tabharfaidh gach aon fhoras míniú ar an rud is 'méid teaghlaigh'
ann, ach is é a bheidh ann san fhoriomlán £500 an duine ar a laghad.
Féadfar conníollacha a chur le babhtáil airgid thirim, e.g. boinn
a chur i málaí, réamhfhógra maidir le méideanna móra.
Seiceanna
- Ón 1 Eanáir 2002 ba chóir gach aon seic a
scríobh i euro. D'fhonn é sin a éascú, cuirfidh d'fhoras airgeadais
seicleabhar nua euro ar fáil duit roimh ré
- Maidir le seiceanna a scríobhtar i euro agus
a tharraingítear ar fhorais anseo, ná húsáidtear iad ach i bPoblacht
na hÉireann amháin. Má úsáidtear iad in áit ar bith eile, tógfaidh
sé seal níos faide iad a phróiseáil agus féadfaidh sé go mbeidh táillí
imréitigh níos airde ag gabháil leo
- Maidir le seiceanna i bpuint Éireannacha a
scríobhtar ar an 31 Nollaig 2001 nó roimhe sin, beidh siad bailí go
ceann sé mhí. Ar mhaithe leis an luathathrú go dtí an euro a éascú,
áfach, ba chóir duit gach aon seic den sórt sin a lóisteáil roimh
an 9 Feabhra 2002
- Beidh socruithe curtha ann ag d'fhoras airgeadais
chun aisíoc a dhéanamh ar dhleacht stampa ar sheiceanna i bpuint Éireannacha
nach mbeidh úsáidte agus a chuireann tú ar ais.
Eolas
Idir Meán Fómhair 2001 agus Feabhra 2002, beidh leabhrán faisnéise cuimsitheach
ar fáil go forleathan do chustaiméirí/don phobal i gcoitinne ag brainsí,
chomh maith le fógraíocht náisiúnta raidió agus pacáistí eolais do raidió
áitiúil - mar chuid d'Fheachtas Faisnéise Euro na mBanc agus na gCumann
Foirgníochta Éireannach. Anuas air sin, is amhlaidh atá forais aonair
ag soláthar a gcuid ábhar faisnéise féin do chustaiméirí.
Arais Billeog Eile
|