Euro Changeover Board of Ireland Euro Handbook
Homepage What is the ECBI ? Whats New Notes & Coins Schools Page Timetable for Change The National Changeover Plan The Cash Changeover Plan Legislation Articles Euro Calculator Frequently Asked Questions Further Information & Links & Links

 

AN POST

Seirbhísí Cuntair Oifig an Phoist

  • Déanfar idirbhearta cuntair in Oifigí Poist a phróiseáil ina bpuint Éireannacha go dtí deireadh 2001
  • Ón 1 Eanáir 2002 go dtí an 9 Feabhra 2002, leanfar de phuint Éireannacha a ghlacadh ag cuntair in oifigí poist. Aon sóinseáil a bheidh ag dul do chustaiméirí, is ina euro a thabharfar í
  • Tar éis an 9 Feabhra 2002, is ina euro a dhéanfar na hidirbhearta uile
  • Le linn na tréimhse déchúrsaíochta agus go ceann tamaill ina diaidh, babhtálfaidh An Post méideanna teaghlaigh suas go méid foriomlán in aghaidh an duine de luach £500 i nótaí agus boinn Éireannacha, saor ó tháille
  • Leanfaidh oifigí poist de nótaí agus boinn Éireannacha a ghlacadh i lóisteálacha ó chustaiméirí le linn na tréimhse déchúrsaíochta agus go ceann tamaill ina dhiaidh.

Stampaí

  • Iarrtar ar chustaiméirí a gcuid stampaí d'ainmníocht an Phuint Éireannaigh amháin a úsáid a luaithe is féidir i 2002. Leanfaidh na stampaí sin de bheidh bailí, áfach, lena n-úsáid go dtí 31 Nollaig 2002
  • Tá stampaí a bhfuil déphraghsáil orthu ar fáil i láthair na huaire do na príomhrátaí postais, e.g. 30p/38c
  • Ón 1 Eanáir 2003 níor chóir ach stampaí d'ainmníocht euro amháin a úsáid.

Orduithe Airgid Poist

  • Ní mór Orduithe Airgid Poist d'ainmníocht na bPunt Éireannach amháin a bhriseadh roimh an 30 Meitheamh 2002.

Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh

  • Maidir le íocaíochtaí pinsin agus leasa shóisialaigh a dhéanann an Post thar ceann na Roinne Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh, is ina bPuint Éireannacha a dhéanfar iad go dtí deireadh 2001 agus ina euro ina dhiaidh sin.

Arais       Billeog Eile


Home PageWhat is the ECBI? Whats NewNotes and Coins| Schools Page  Timetable for the ChangeoverNational Changeover Plan
Cash Changeover Plan | Legislation ArticlesEuro Calculator Frequent QuestionsFurther Information & Links