|
|
Coigiltis agus Infheistíochtaí
- Leanfaidh táirgí coigiltis agus infheistíochta
An Post de bheith in ainmníocht na bPunt Éireannach go dtí deireadh
2001
- Ar an 1 Eanáir 2002, déanfar gach aon chuntas
agus infheistíocht a chomhshó go huathoibríoch go euro, saor ó tháille.
Déanfar a gcomhluach i bPuint Éireannacha d'eochairmhéideanna airgeadaíochta
ar dhoiciméid infheistíochta, luachálacha agus ráitis a thaispeáint
go dtí an 31 Márta 2002
- Maidir le Bannaí Coigiltis bunaidh agus doiciméid
Teastas Coigiltis, NÍ GÁ iad a bhabhtáil tar éis thabhairt isteach
an euro
- Déanfar leabhair thaisce Bhanc Coigiltis Oifig
an Phoist a chomhshó go euro leis an gcéad idirbheart de 2002. Ní
gá ach an leabhar atá agat i láthair na huaire a thabhairt ar aird
mar is gnách agus cléireach sin Oifig an Phoist a dhéanfaidh an chéad
idirbheart de 2002, tionscnóidh seisean nó sise comhshó do leabhair
go euro.
Eolas
Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar láithreán gréasáin
An Post: www.anpost.ie
COMHAIR CHREIDMHEASA
- Déanfar gach aon chuntas a chomhshó go euro
de réir an ráta chomhshóite, saor ó tháille, faoin 1 Eanáir 2002 o
Ón 1 Eanáir 2002, is ina euro a bheidh gach uile sheirbhís. Glacfaidh
Comhair Chreidmheasa le híocaíochtaí i nótaí agus boinn Éireannacha
suas go dtí an 9 Feabhra 2002, ach is i euro amháin a thabharfar sóinseáil
amach
- Ón 1 Eanáir 2002, tosóidh meaisíní balla ATM
na gcomhar creidmheasa ar nótaí euro a dháileadh. I dtús báire, nótaí
€10 agus €20 den chuid is mó a bheidh á ndáileadh acu
- Déanfaidh comhair chreidmheasa, i gcás inar
féidir, méideanna teaghlaigh de nótaí agus boinn Éireannacha a bhabhtáil,
dá gcuid comhaltaí, saor ó thaille, le linn na tréimhse déchúrsaíochta
agus go ceann tamaill ina dhiaidh. Is é is 'méid teaghlaigh' ann méid
suas go foriomlán £500 an comhalta
- Glacfaidh comhair chreidmheasa le lóisteálacha
i nótaí agus puint Éireannacha óna gcuid comhaltaí le linn na tréimhse
déchúrsaíochta agus go ceann tamaill ina dhiaidh.
Eolas
Cuirfidh comhair chreidmheasa aonair eolas sonrach ar fáil dá gcuid
comhaltaí maidir lena gcuid pleananna chun comhshó go dtí an euro.
Arais Billeog Eile
|