AN ROINN GNÓTHAÍ SÓISIALACHA,
POBAIL AGUS TEAGHLAIGH
- Is ina bpuint Éireannacha a bheidh gach aon
íocaíocht le custaiméirí a eiseofar suas go dtí an 31 Nollaig 2001.
Má bhíonn tú ag briseadh na n-íocaíochtaí sin ar an 1 Eanáir 2002
nó ina dhiaidh sin, gheobhaidh tú comhshó cruinn na híocaíochta i
euro agus cent
- Ón 1 Eanáir 2002 ar aghaidh, is ina euro go
huathoibríoch a bheidh íocaíochtaí leasa shóisialaigh. I gcás íocaíochtaí
a bheidh dlite ón dáta sin, déanfar méideanna a choigeartú suas go
méideanna 10 cent, chun sochar an chustaiméara.
Eolas
Reáchtálfaidh an Roinn Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh feachtas
feasachta poiblí d'fhonn custaiméirí a chur ar an eolas faoina cuid
pleananna don athrú go dtí an euro. Thairis sin, déanfar bileoga agus
foirmeacha iarratais a athbhreithniú le linn 2001 chun an t-athrú go
dtí an euro a chur san áireamh.
An Roinn Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh
Teil: 01 874 8444
Facs: 01 704 3868
Láithreán Gréasáin: www.welfare.ie
NA COIMISINÉIRÍ IONCAIM
ÍMAT/ÁSPC FOSTAITHE
"An Bhliain" Chánach Ghairid dar críoch Mí na Nollag 2001:
- Rinneadh gach aon Fhógra maidir le Creidmheasanna
Cánach agus Scothphointe an Ráta Chaighdeánaigh don "bhliain" ghairid
chánach a eisiúint i bpuint Éireannacha, agus na méideanna seachtainiúla/míosúla/bliantúla
á sloinneadh ina euro agus ina bpuint Éireannacha araon
- Ní mór d'fhostaithe a gcuid Tuairisceán Cánach
Ioncaim bliantúil a dhéanamh i bpuint Éireannacha agus déanfar aon
athbhreithnithe deireadh bliana a réiteach i bpuint Éireannacha
- I gcás ina bhfaigheann fostaithe foirmeacha
P60 agus P45 atá sloinnte ina euro óna gcuid fostaithe, glacfaidh
na Coimisinéirí Ioncaim leo sin agus déanfaidh siad na comhshóite
is gá
- Is ina euro a shloinnfear gach aon aisíocaíocht
a eiseofar ón 1 Eanáir 2002 amach.
An Bhliain Chánach dar tosach an 1 Eanáir
2002:
- Is ina euro amháin a shloinnfear Fógraí maidir
le Creidmheasanna Cánach agus Scothphointe an Ráta Chaighdeánaigh
agus foirmeacha P60 agus P45 a eiseofar don bhliain chánach 2002
- Ní mór d'fhostaithe a gcuid Tuairisceán Cánach
Ioncaim Bliantúil a dhéanamh i euro agus déanfar aon athbhreithnithe
deireadh bliana a réiteach i euro.