CÁNACHA GNÓ
Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim gach aon cháin agus an tuairisciú
custam agus na híocaíochtaí custam a chasadh go euro go huathoibríoch
agus tá mionsonraí faoin tráthchlár chuige sin sa 'Euro Changeover Guide'
(Treoirleabhar don Athrú go dtí an Euro) de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim,
a bhfuil fáil air ar a láithreán gréasáin (www.revenue.ie) nó ó d'Oifig
Chánach áitiúil.
Eolas
Tá roinnt treoirleabhar gnó, bileog, leathán fíricí etc. foilsithe ag
na Coimisinéirí Ioncaim. Déanfar tuilleadh eolais a bheidh cothrom le
dáta mar aon le bileoga/mearbhileoga a eisiúint roimh an 1 Eanáir 2002.
Má bhíonn aon fhiafraithe agat faoi do ghnóthaí cánach, téigh i dteagmháil,
le do thoil, le d'oifig chánach áitiúil.
Oifig na gCoimisinéirí Cánach Ioncaim
Láithreán Gréasáin: www.revenue.ie
CÓRAS IOMPAIR ÉIREANN
- Próiseálfar idirbhearta airgid thirim ina
bpuint Éireannacha go dtí deireadh 2001
- Ón 1 Eanáir 2002 go dtí an 9 Feabhra 2002,
glacfar le hairgeadra Éireannach, chomh maith le euro. Is i euro a
thabharfar sóinseáil ag na hoifigí ticéad
- Tar éis an 9 Feabhra 2002, ní ghlacfar ach
le euro
- D'fhonn cuidiú lena chinntiú nach gcuirfear
moill ar bhusanna agus ar thraenacha de bharr an athraithe, iarrann
CIE ar a chuid custaiméirí:
- ticéid chomaitéara nó ticéid speisialta
réamhíoctha eile a cheannach go maith roimh ré
- méid chruinn na táille a thairiscint, go
háirithe ar bhusanna agus ag stáisiúin DART
- am breise a fhágáil chun ticéid traenach
a cheannach, sin nó ticéid a cheannach roimh dhul ag taisteal
- gan ach airgeadra amháin a thairiscint agus
táillí á n-íoc.
Eolas
Tosóidh cuideachtaí CIE i Meán Fómhair 2001 ar fheachtas feasachta poiblí
a sheoladh chun custaiméirí a chur ar an eolas faoi mhionsonraí a gcuid
socruithe don athrú. Beidh fáil ar na mionsonraí sin freisin ar réimse
láithreán gréasáin CIE; www.irishrail.ie, www.buseireann.ie, www.dublinbus.ie