|
|
BORD GÁIS
Billí Bhord Gáis
- Is ina bpuint Éireannacha a bheidh billí a
eiseofar suas go dtí deireadh 2001, agus taispeánfar an cóimhéid euro
d'iomlána na mbillí
- Ón 1 Eanáir 2002, is ina euro a bheidh billí
Bhord Gáis, agus taispeánfar an cóimhéid punt Éireannach d'iomlána
na mbillí sa tréimhse Eanáir/Feabhra 2002.
Íocaíocht Billí
- Glacfaidh Bord Gáis le nótaí agus boinn Éireannacha
chomh maith le euro go dtí an 9 Feahra 2002, ach is i euro amháin
a thabharfar sóinseáil amach
- Tar éis an 9 Feabhra 2002, ní mór íocaíochtaí
airgid a bheidh ina euro amháin
- Custaiméirí a úsáideann an córas réamhíoctha
'GasCard' - GásChárta - tugaidís dá n-aire go socrófar an íosíocaíocht
ag 510 ón 1 Eanáir 2002
- Custaiméirí a íocann a gcuid billí trí oifig
an phoist, tugaidís dá n-aire go socrófar an íosíocaíocht ag 510 ón
1 Eanáir 2002.
Eolas
Cuirfidh Bord Gáis bileog chuig gach aon chustaiméir in éineacht lena
gcuid billí i mí na Samhna/mí na Nollag lena dtabharfar eolas maidir
le socruithe Bhord Gáis don athrú.
Lóghlao: 1850 456 200
Facs: 01 602 1398
Láithreán Gréasáin: www.bordgais.ie
EARNÁIL TELECOM
Níl sé indéanta mionsonraí a fholú do gach aon
chuideachta atá ag oibriú anois in earnáil teileachumarsáide na hÉireann.
Sa mhéid seo thíos tá achoimre ar na heochairghnéithe de na socruithe
a bheidh ann chun billí a chur amach chuig teaghlaigh agus de na socruithe
chun íocaíocht a dhéanamh feadh na hearnála.
Billí
- Billí a eiseofar tar éis an 1 Eanáir 2002,
is ina euro a bheidh siad seachas ina bpuint Éireannacha. Beidh teachtaireacht
sna billí á rá sin
- Aon mhéideanna a thabharfar ar aghaidh ó 2001,
is ina euro a thaispeánfar iad, arna gcomhshó de réir an ráta chomhshóite
- Déanfar an cóimhéid i bpuint Éireannacha don
mhéid iomlán a léiriú ar gach aon bhille go ceann roinnt míonna tar
éis an 1 Eanáir 2002, ar mhaithe leis an gcustaiméir a choinneáil
ar an eolas.
Arais Billeog Eile
|