Euro Changeover Board of Ireland Euro Handbook
Homepage What is the ECBI ? Whats New Notes & Coins Schools Page Timetable for Change The National Changeover Plan The Cash Changeover Plan Legislation Articles Euro Calculator Frequently Asked Questions Further Information & Links & Links

 

Íocaíocht

  • Glacfar le híocaíocht i nótaí agus boinn Éireannacha chomh maith le euro go dtí an 9 Feabhra 2002, ach is i euro amháin a thabharfar sóinseáil amach
  • Tar éis an 9 Feabhra 2002, caithfidh íocaíochtaí airgid thirim a bheith ina euro amháin
  • Déanfar íocaíochtaí dírdhochair a chomhshó go huathoibríoch go euro ón 1 Eanáir 2002.

Íocfóin Phoiblí

  • Ón 1 Eanáir 2002, beidh íocfóin phoiblí in ann glacadh le boinn Éireannacha, boinn euro, agus teaglaim díobh araon, chomh maith le híocaíochtaí le glaochártaí agus cártaí creidmheasa
  • Tar éis an 9 Feabhra 2002, ní ghlacfar ach le boinn euro.

Eolas
Sna teachtaireachtaí míniúcháin a eiseofar leis na chéad bhíllí euro i 2002 is amhlaidh a thabharfar pointí teagmhála d'fhiafraithe euro.

MÁS I mBUN GNÓ ATÁ TÚ

Feachtas Feasachta Gnó Forfás EMU

Ón 1 Eanáir 2002, ní mór do gach aon ghnólacht in Éirinn a bheith ullamh don euro. As sin amach, is é a chiallóidh 'gnó mar is gnách' gnó ina euro. Ciallaíonn sé sin nach mór duit a bheith ullamh:

  • Chun do chuid earraí agus seirbhísí a phraghsáil i euro
  • Sonraisc a sheoladh chuig do chustaiméirí i euro
  • Pá/tuarastal a íoc le d'fhoireann i euro
  • Airgead/seiceanna etc a íoc le do sholáthróirí i euro
  • Do chuntais inmheánacha/taifid leabharchoimeádta a choinneáil i euro
  • Do thuairisceáin chánach (CBL/ÍMAT/ÁSPC etc.) a dhéanamh i euro.

Féadfar eolas do lucht gnó a fháil ón seoladh thíos:

Feachtas Feasachta Gnó EMU
Forfás, Teach Pháirc Bhilton, Plás Bhilton, Baile Átha Cliath 2
Lóghlao: 1890 208 308
Facs: 01 607 3298
Láithreán Gréasáin: www.emuaware.forfas.ie


Ainneoin go ndéanfar gach dícheall chun na ráitis atá sa lámhleabhar seo a chomhlíonadh, ní ráthaíocht, ar ndóigh, atá sa lámhleabhar.

Arais


Home PageWhat is the ECBI? Whats NewNotes and Coins| Schools Page  Timetable for the ChangeoverNational Changeover Plan
Cash Changeover Plan | Legislation ArticlesEuro Calculator Frequent QuestionsFurther Information & Links