AN EURO
Cad é an euro?
Is é atá sa euro an t-airgead nua d'Éirinn agus d'aon tír déag eile
de chuid an Aontais Eorpaigh (AE). Tiocfaidh nótaí agus boinn euro isteach
ar an 1 Eanáir 2002 agus féadfaidh tú iad a úsáid i ngach aon tír de
chuid an limistéir euro. e an comhartha don euro.
Cad iad na heochairdhátaí - i.e. na dátaí
is tábhachtaí?
1 Eanáir 2002 - tiocfaidh nótaí agus boinn euro isteach, agus 9 Feabhra
2002 - ina diaidh sin ní bheidh stádas dlíthairisceana feasta ag nótaí
agus boinn Éireannacha.
Cén méid is fiú an euro?
Is fiú díreach faoi bhun 79p aon euro amháin(le bheidh cruinn, €1 =
£0.787564). Le breathnú air ar bhealach eile, ar aon phunt amháin, gheobhaidh
tú aon euro agus fiche seacht cent - €1.27.
Conas a chomhshófaidh mé méideanna de phuint
Éireannacha go euro?
In dhá leathanach den lámhleabhar seo inseofar duit conas comhshó ó
phuint Éireannacha go euro, agus ó euro go puint Éireannacha. Tá táblaí
iontu freisin ina léirítear comhshónna ar mhéideanna caighdeánacha.
An bhfuil garbhthreoir ann chun comhshó ó
phuint Éireannacha go euro?
Tá. Mar gharbhthreoir, cuir an ceathrú cuid le méid na bPunt Éireannach:
mar shampla, £4 is díreach os cionn €5 (le bheith cruinn, €5.08).
An bhféadfaidh mé nótaí agus boinn euro a
úsáid i ngach aon cheann de na tíortha euro?
Féadfaidh tú. Tiocfaidh an euro ann in áit airgeadraí náisiúnta thíortha
uile an limistéir euro. Dá réir sin, féadfaidh tú nótaí agus boinn euro
a úsáid i ngach uile áit sa limistéar euro agus féadfaidh muintir na
dtíortha euro eile nótaí agus boinn euro a úsáid anseo.
Cé na tíortha AE atá imithe leis an euro?
Tá dhá thír déag ann atá imithe leis an euro: An Ostair, An Bheilg,
An Fhionlainn, An Fhrainc, An Ghearmáin, An Ghréig, Éire, An Iodáil,
Lucsamburg, An Ísiltír, An Phortaingéil agus An Spáinn.
Maidir leis an Danmhairg, an tSualainn agus an
Ríocht Aontaithe (An Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann), níl siad
siúd imithe leis an euro. Féadfaidh sé go dtiocfaidh siad isteach ar
ball.
Conas a fhéadfaidh mé ullmhú don euro?
- Cuir eolas ar an méid seo a leanas
- gur fiú beagán faoi bhun é 79p aon euro;
- go bhfaighidh tú aon euro agus 27 cent ar
phunt;
- go bhfaighidh tú a ngarbhionann i euro ach
an ceathrú cuid a chur le méideanna de phuint Éireannacha.
- Bíodh aird agat ar luachanna euro cibé áit
a bhfeiceann tú iad - mar shampla, ar ráitis chuntais, duillíní pá
agus admhálacha scipéid.
- Bí ag caitheamh aon bhoinn Éireannacha atá
carntha agat, i.e. boinn atá fágtha thart i dtarraiceáin, i bprócaí
etc. Ba cheart duit iad a chaitheamh, a shortáil agus a chur i málaí
agus iad a lóisteáil chun do chuntais, nó tacú le ceann de na cumainn
charthanachta atá ag oibriú scéimeanna bailithe bonn.