Euro Changeover Board of Ireland Euro Handbook
Homepage What is the ECBI ? Whats New Notes & Coins Schools Page Timetable for Change The National Changeover Plan The Cash Changeover Plan Legislation Articles Euro Calculator Frequently Asked Questions Further Information & Links & Links

 

AN tATHRÚ AIRGID THIRIM

Conas a oibreoidh an t-athrú go hairgead tirim euro?
Ar an 1 Eanáir 2002, déanfar cuntais i mbainc, i gcumainn fhoirgníochta, in oifigí poist agus i gcomhair chreidmheasa a chomhshó go euro saor ó thaille. As sin amach, is i euro a bheidh aon airgead ag dul amach, agus coinneofar nótaí agus boinn Éireannacha a bheidh ag teacht isteach agus ní eiseofar amach arís iad.

Dá réir sin, ón 1 Eanáir 2002 (e-lá)

  • Is ina euro a bheidh aistarraingtí as cuntais
  • Tosófar ar nótaí euro a dháileadh as meaisíní balla ATM (dáileoirí airgid)
  • Is ina euro a bheidh pá, tuarastail, pinsin agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh
  • Is ina euro a ghearrfaidh siopaí as earraí agus seirbhísí. Glacfaidh siad le nótaí agus boinn Éireannacha chomh maith le euro ach is i euro amháin a thabharfaidh siad sóinseáil amach
  • Babhtálfaidh bainc agus cumainn fhoirgníochta méid £500 ar a laghad an duine de nótaí agus boinn Éireannacha ar euro, saor ó tháille; agus glacfaidh siad le nótaí agus boinn Éireannacha i lóisteálacha ó chustaiméirí
  • Babhtálfaidh oifigí poist méid suas go dtí móriomlán £500 an duine de nótaí agus boinn Éireannacha, saor ó tháille; agus glacfaidh siad le nótaí agus boinn Éireannacha i lóisteálacha ó chustaiméirí
  • Babhtálfaidh comhair chreidmheasa, a mhéid is féidir, dá gcuid comhaltaí, méid suas go dtí móriomlán £500 an comhalta de nótaí agus boinn Éireannacha saor ó tháille; agus glacfaidh siad le nótaí agus boinn Éireannacha i lóisteálacha óna gcuid comhaltaí
  • Na codanna uile den earnáil phoiblí, lena n-áirítear Ranna agus oifigí Rialtais, údaráis áitiúla, boird sláinte agus comhlachtaí Státurraithe, déanfaidh siad a gcuid íocaíochtaí agus glacfaidh siad le híocaíochtaí i euro. Glacfaidh siad le nótaí agus boinn Éireannacha agus is i euro amháin a bheidh aon sóinseáil a thabharfaidh siad amach.

Cé chomh fada a thógfaidh sé an t-athrú airgid thirim a dhéanamh?
Táthar ag súil leis gur ina euro a bheidh bunáite na n-idirbheart airgid thirim faoi cheann coicíse i ndiaidh €-lá. Glacfaidh miondíoltóirí le nótaí agus boinn Éireannacha i gcónaí, áfach, go dtí an Satharn, 9 Feabhra 2002, agus an lá sin san áireamh. Ina dhiaidh sin, ní bheidh stádas dlíthairisceana ag nótaí agus boinn Éireannacha a thuilleadh, rud a chiallaíonn nach mbeidh aon cheangal ar dhaoine glacadh leo mar íocaíocht.

Arais       Billeog Eile


Home PageWhat is the ECBI? Whats NewNotes and Coins| Schools Page  Timetable for the ChangeoverNational Changeover Plan
Cash Changeover Plan | Legislation ArticlesEuro Calculator Frequent QuestionsFurther Information & Links