Euro Changeover Board of Ireland Euro Handbook
Homepage What is the ECBI ? Whats New Notes & Coins Schools Page Timetable for Change The National Changeover Plan The Cash Changeover Plan Legislation Articles Euro Calculator Frequently Asked Questions Further Information & Links & Links

 

Cad a tharlóidh i ndiaidh 9 Feabhra 2002?

  • Ní ghlacfaidh siopaí ná lucht na hearnála poiblí le nótaí agus boinn Éireannacha a thuilleadh
  • Leanfaidh bainc, cumainn fhoirgníochta, oifigí poist agus comhair chreidmheasa de bhabhtálacha airgid a dhéanamh ar nótaí agus boinn Éireannacha agus de lóisteálacha de nótaí agus boinn Éireannacha a ghlacadh, mar atá leagtha amach thuas, go ceann tamaill
  • Leanfaidh an Banc Ceannais dá luach i euro a thabhairt ar nótaí agus boinn Éireannacha gan aon teorainn ama.

Conas a fhéadfaidh mé cuidiú leis an athrú chun go ndéanfar é go réidh?

As seo amach

  • Bí ag caitheamh aon bhoinn Éireannacha atá carntha agat - i.e. boinn atá fágtha thart i dtarraiceáin, i bprócaí etc - agus ná bí ag cnuasach aon bhoinn eile a thuilleadh.

Ón 1 Eanáir 2002 (€-lá)

  • I dtús báire, caith aon airgead tirim Éireannach atá agat. Tabharfar an tsóinseáil duit i euro
  • Nuair a bhíonn a thuilleadh airgid uait, faigh é sa ghnáthshlí: ó mheaisíní balla ATM; in íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh; pá agus mar sin de. Is ina euro a bheidh sé
  • Déan aon íocaíocht in aon airgeadra amháin, d'fhonn moill a sheachaint
  • Ná bí ag cnuasach do chuid bonn euro
  • Bain úsáid as "Laser" nó as cártaí creidmheasa/dochair i gcás inar féidir
  • Ná húsáid ach seicleabhair euro amháin
  • Roimh an 9 Feabhra 2002, lóisteáil nó babhtáil aon airgead tirim Éireannach a bheidh fágtha agat.

Arais       Billeog Eile


Home PageWhat is the ECBI? Whats NewNotes and Coins| Schools Page  Timetable for the ChangeoverNational Changeover Plan
Cash Changeover Plan | Legislation ArticlesEuro Calculator Frequent QuestionsFurther Information & Links