NÓTAÍ AGUS BOINN EURO
Cén méid nótaí euro a bheidh ann?
Beidh seacht nóta euro ann: €5, €10, €20, €50, €100, €200 agus €500.
Fuinneoga agus oscailtí geata a bheidh ar taispeáint ar aghaidh na nótaí,
lena léirítear oscailteacht agus comhoibriú san Eoraip. Droichid a thaispeánfar
ar chúl na nótaí, mar chomhartha cumarsáide i measc phobail na hEorpa
agus idir an Eoraip agus an chuid eile den domhan. Tá léiriú ar na nótaí
ar leathanaigh láir an lámhleabhair seo.
An mar a chéile a bheidh nótaí euro i dtíortha
uile an limistéir euro?
Mar a chéile a bheidh siad i dtíortha uile an limistéir euro.
Cén méid bonn euro a bheidh ann?
Céad cent atá sa euro agus beidh ocht mbonn euro ann: 1,2,5,10,20 agus
50 cent, agus 1 agus 2 euro. Tá léiriú ar na boinn ar na leathanaigh
láir.
An mar a chéile a bheidh boinn euro i dtíortha
uile an limistéir euro?
Mar a chéile a bheidh taobh amháin de na boinn euro i ngach aon tír
euro. Léireofar léarscáil den Eoraip air i bhfoirmeacha éagsúla agus
cúlra línte agus réaltaí léi. Ar an taobh eile de na boinn léireofar
dhá réalta dhéag bhratach an AE mar aon leis an mbliain, chomh maith
le suaitheantas náisiúnta lena léireofar an tír inar tairgeadh na boinn.
Cad a bheidh ann mar shuaitheantas na hÉireann
ar na boinn euro?
I gcás na hÉireann, is é a bheidh ann mar shuaitheantas náisiúnta, an
chruit agus an focal 'Éire'. Tá an dearadh do thaobh náisiúnta na hÉireann
de na boinn euro á léiriú ar na leathanaigh láir.
An mbeidh mé in ann na nótaí agus na boinn
euro a fhaighim in Éirinn a úsáid i dtíortha uile an limistéir euro?
Beidh. Airgeadra coiteann is ea an euro agus beidh gach aon duine sa
limistéar euro in ann nótaí agus boinn euro a úsáid - cuma cén dearadh
náisiúnta atá ar na boinn - i dtíortha uile an limistéir euro.
An mbeidh nótaí euro ar fáil don phobal roimh
an 1 Eanáir 2002?
Ní bheidh nótaí euro ar fáil don phobal roimh an 1 Eanáir 2002.
An mbeidh fáil ar bhoinn euro roimh an 1 Eanáir
2002?
Cuirfear pacáistí tionscnaimh de bhoinn euro ar díol don phobal ón Luan
17 Nollaig 2001. Is ar a aghaidhluach a dhíolfar na pacáistí, £5 (€6.35),
agus beidh ceann amháin ar a laghad de gach ceann den ocht n-ainmníocht
eurobhoinn iontu: comhdhéanfar an fuílleach den chuid is mó leis na
boinn mhórluacha. Is trí oifigí phoist den chuid is mó a bheidh na pacáistí
ar díol. Beidh fáil freisin ar sholáthairtí teoranta i mbainc agus cumainn
fhoirgníochta aonair agus, i gcás inar féidir, sna comhair chreidmheasa
dá gcuid comhaltaí. Ní bheidh stádas dlíthairisceana ag na boinn go
dtí an 1 Eanáir 2002 agus níor cheart iad a úsáid roimh an dáta sin.