CÚRSAÍ TOMHALTÓIRÍ
Praghsanna
De réir a chéile is amhlaidh is mó atá déléiriú
ar phraghsanna - is é sin, go bhfuil siad á dtaispeáint taobh le chéile
ina euro chomh maith lena léiriú i bpuint Éireannacha. Méadófar ar an
déléiriú seo agus sinn ag druidim le e-lá, agus go háirithe ón 1 Deireadh
Fómhair 2001, an dáta faoin a mbeidh forscríobhaithe don Chód Náisiúnta
ar an Athrú go dtí an Euro (féach thíos) tiomanta don déléiriú a shuíomh.
Leanfar leis an déléiriú faoin gCód go dtí an 9 Márta 2002. Dá réir
sin is amhlaidh a bheidh tomhaltóirí in ann líon is mó agus is mó praghsanna
a fheiceáil de réir a chéile agus iad á léiriú ina euro agus ina bpuint
Éireannacha taobh le chéile roimh an athrú, lena linn agus go ceann
míosa ina dhiaidh sin.
Chomh maith leis sin, iad siúd ar forscríobhaithe
iad don Chód, nó do Chód teascógach formheasta, tabharfaidh siad gealltanas
don athrú go dtí an euro a thabhairt i gcrích ar mhodh cothrom agus
nach bhféachfaidh siad le haon bhuntáiste a bhaint as an athrú.
Beidh iomaíocht ann i gcónaí i measc miondíoltóirí
le haghaidh custaiméirí, agus beidh na difríochtaí idir phraghsanna
chomh feiceálach céanna agus atá siad i láthair na huaire. Ba chóir
go mbeadh miondíoltóirí ar a ndícheall agus iad ag iarraidh a chruthú
do chustaiméirí go bhfuil an t-athrú á chur i gcrích acu ar mhodh atá
cothrom. Ba chóir do thomhaltóirí tacú le miondíoltóirí a dhéanfaidh
amhlaidh agus a bheith bunairdeallach faoi shiopadóireacht a dhéanamh
áit ar bith eile.
Ar deireadh, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi
deara go mbreathnóidh praghsanna ina euro níos airde ná praghsanna ina
bpuint Éireannacha. Mar shampla, is ionann deich bpunt, arna chomhshó,
agus dhá euro dhéag agus seachtó cent. Ach cuimhnigh go bhfanfaidh an
luach mar a chéile, ainneoin go n-athróidh na huimhreacha ar iad a chomhshó
ó phuint Éireannacha go euro. Tá sé cosúil le teochtaí: is ionann 20
céim celsius, arna chomhshó, agus 68 céim fahrenheit, ach is í an teocht
chéanna í.
An Cód Náisiúnta ar an Athrú go dtí an Euro
Iad
siúd ar forscríobhaithe iad don Chód Náisiunta ar an Athrú go dtí an
Euro, ar Cód Cleachtais é ar Dhé-Phraghsáil, nó do chóid theascógacha
atá formheasta ag an Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltóirí, beidh siad i dteideal
lógo speisialta a chur ar taispeáint mar fhianaise ar ghealltanas uathu
an t-athrú a chur i bhfeidhm ar mhodh atá cothrom. An lógó seo, chomh
maith le hathchóirithe formheasta air, corpraíonn sé lógó euro Choimisiún
na hEorpa agus lógó Oifig an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí (ODCA).
In asraonta miondíola, folóidh an lógó pointe teagmhála do ghearáin
nó d'fhiafraithe.