Déanann lucht gnó, trí fhorscríobh don chód náisiúnta
nó do na chóid fhormheasta teascógacha, iad féin a thiomaint ar shlí
nach bhféachfaidh siad le haon bhuntáiste a bhaint as an athrú agus
ar shlí chun cabhrú leis an gcustaiméir trí mhodhanna amháil déphraghsáil,
léiriú laistigh den siopa agus léiriú ar an ráta comhshóite sé dhigit.
Má bhraitheann tú nach bhfuil miondíoltóir ag déanamh de réir na ngealltanas
sin, ba chóir duit an cheist a tharraingt anuas sa chéad áit leis an
miondíoltóir agus, mura bhfaighidh tú sásamh, leis an bpointe teagmhála
atá tugtha ar an lógó atá á léiriú ag an miondíoltóir. Má bhíonn tú
míshásta fós leis an bhfreagairt a fhaigheann tú, téigh i dteagmháil
le hOifig an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí. Fiosróidh an Oifig sin
an scéal agus mura mbíonn an gnólacht sásta déanamh de réir a chuid
gealltanas, tarraingeoidh an Stiúrthóir siar úsáid an lógó.
Cóid fhormheasta cleachtais
Tá
cóid chleachtais curtha le chéile ag na heagraíochtaí seo a leanas don
athrú agus tá na cóid sin formheasta ag an Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltais
amhail ó lár mhí Iúil 2001:
- Meitheal Oibre Miondíola IBEC/EAN. IBEC a
riarfaidh an Cód agus is aige a bheidh an ceart úsáid lógó an Chóid
a tharraingt siar i gcás go sárófaí é ar bhealach leanúnach. Ar na
heagraíochtaí eile a bhfuil glactha acu le Cód IBEC/EAN tá Cónaidhm
Óstáin na hÉireann, Cumann Thionscal Pheitriliam na hÉireann, Cumann
Bhialanna na hÉireann agus RGDATA.
- CLÉ - Cumann Leabhardhíoltóirí Éireann
- Cónaidhm Árachais na hÉireann
- Cumann Chrua-earraí agus Ábhair Tógála na
hÉireann
- Cumann Bhaincéirí na hÉireann/Cumann Mhorgáistí
agus Coigiltis na hÉireann.
| Eolas |
| Oifig an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóra,
|
Oifig Chorcaí: |
| 4, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 |
89-90 An Meal Theas, Corcaigh |
| Line Chabhrach: 01 402 5555 |
Line Chabhrach: 021 427 4099 |
| Lóghlao: 1890 220 229 |
Lóghlao: 1890 220 229 |
| Facs: 01 402 5501 |
Facs: 021 427 4109 |
| Láithreán Gréasáin: www.odca.ie |
Láithreán Gréasáin: www.odca.ie |
ÍTIMÍ EILE
Pinsin Choigríche
Má tá pinsean coigríche agat agus go bhfuil sé in airgeadra (mar shampla
i Steirling nó i nDollair Mheiriceá) nach cuid den euro, ansin ón 1
Eanáir 2002 déanfar é a chomhshó ina euro de réir cibé ráta malairte
a bheidh ann tráth an chomhshóite.
Más in airgeadra (mar shampla, Franc na Fraince
nó Marc na Gearmáine) is cuid den euro atá do phinsean, ansin ón 1 Eanáir
2002, íocfar é ina euro.
Má tá tuilleadh eolais uait, ba chóir duit teagmháil
leis an bhforas airgeadais lena ndéileálann tú nó leis an gcomhlacht
a íocann do phinsean coigríche leat.