Meaisíní Miondíola
Táthar ag súil leis i gcoitinne go mbeidh sé
mar aidhm ag oibreoirí meaisíní íocaíochta bonn le bunáite a gcuid meaisíní
a bheith tiontaithe acu chun glacadh le boinn euro faoi dheireadh coicíse
ó e-lá.
Méadair Pháirceála
Ón 1 Eanáir 2002, glacfaidh meaisíní 'Íoc agus
Taispeáin' Bhardas Átha Cliath le boinn Éireannacha, boinn euro agus
le meascán den dá chineál. Leanfaidh meaisíní 'Íoc agus Taispeáin' de
bhoinn Éireannacha a ghlacadh go dtí 9 Feabhra 2002. Baineann na méadair
pháirceála lasmuigh de Bhaile Átha Cliath leas as an teicneolaíocht
chéanna, tríd is tríd, agus ba chóir go mbeidís in ann tiontú ar an
dóigh chéanna. Téigh i dteagmháil, le do thoil, le d'údarás áitiúil
chun na mionsonraí a fháil.
Carrchlóis
Táthar ag súil go mbeidh dhá rogha ann le linn
na chéad seachtaine d'Eanáir 2002, i mbunáite na mór-charrchlós in Éirinn.
1. Oibreoidh pámheaisíní i euro, agus féadfar airgeadra Éireannach a
bhabhtáil ar euro ag oifigí airgid thirim ar an láthair.
2. Oibreoidh pámheaisíní in airgeadra Éireannach, agus féadfar euro
a bhabhtáil ar airgeadra Éireannach ag oifigí airgid thirim ar an láthair.
Laistigh de roinnt seachtainí tá sé beartaithe
go mbeidh na pámheaisíní uile tiontaithe chun oibriú i euro agus, go
dtí an 9 Feabhra 2002, glacfaidh oifigí airgid thirim le puint Éireannacha
in áit euro nó babhtálfaidh siad puint Éireannacha ar euro.
Eolas
Beidh fógraí sna carrchlóis agus ag na pástáisiúin lena gcomhairleofar
custaiméirí go soiléir maidir leis na roghanna a bheidh ar fáil dóibh.
Carrchlóis Aerfoirt
Maidir leis na carrchlóis in Aerfhoirt Bhaile
Átha Cliath, na Sionna agus Chorcaí:
- Glacfaidh siad le puint Éireannacha agus le
euro araon ón 1 Eanáir 2002 go dtí 9 Feabhra, 2002. Is i euro amháin
a thabharfar sóinseáil ón 1 Eanáir 2002
- Tar éis an 9 Feabhra 2002, ní mór gach aon
táille charrchlóis a íoc i euro amháin.
Eolas maidir le carrchlóis aerfoirt:
Aer Rianta: Teil: 01 814 1111 Facs: 01 814 4923 Láithreán Gréasáin: www.aer-rianta.ie
Dola-Dhroichid
Glacfaidh pámheaisíní ag dola-dhroichid le boinn Éireannacha, boinn
euro agus le meascán díobh araon ón 1 Eanáir 2002 go dtí an 9 Feabhra
2002. As sin amach, ní bheidh glacadh acu ach le euro amháin.