Eolas le haghaidh Múinteoirí
Réamhrá
Ar 1 Eanáir, 1999 bunóidh aon bhallstát déag den Aontas Eorpach, agus Éire ina measc, Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA) (EMU) agus crutóidh siad airgeadra singil, an euro. Mar sin féin ní thiocfaigh na nótaí ná na monaí euro isteach sa chúrsaíocht go dtí 1 Eanáir, 2002. Déanann an doiciméad seo cur síos ar an gcaoi ina dtarlóidh an t-athrú. Is é ár gcuspóir ná chun suim a mhúscailt san airgeadra nua i measc múinteoirí agus chun tú a spreagadh chun machnamh a dhéanamh ar céard iad na hiarmhairtí a d'fhéadfadh bheith aige ar do chuid oibre sa rang. Is í an aidhm ná é seo a dhéanamh trí shraith ceisteanna a chur agus freagraí a sholáthar a bheadh ábharthach duitse i do chuid oibre.
Céard iad na baillstáit atá ag glacadh leis an Euro?
I mBealtaine, 1998, dheimhnigh cinnirí AE (EU) gur chomhlíon aon bhallstát déag den AE na critéir cháilithe chun an euro a ghlacadh ó 1 Eanáir, 1999. Is iad an t-aon déag ná: an Ostair, an Bheilg, an
Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, Éire, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Phortaingéil agus an Spáinn. Chinn an Danmhairg agus an Ríocht Aontaithe gan teacht isteach ag an bpointe seo agus níor chomhlíon an tSualainn agus an Ghréig na critéir cháilithe.
Céard é an Euro?
Is é atá sa euro ná an t-airgeadra nua a bheidh in áit na n-airgeadraí náisiúnta de na haon stát déag rannpháirteacha. Beidh 100
cent don euro agus beidh monaí de 1, 2, 5, 10, 20 agus 50 cent agus a 1 agus 2 euro. Beidh na nótaí nua i luacha de 5, 10, 20, 50, 100, 200 agus 500 euro.
Ní bheidh luach cruinn an euro ar eolas go dtí 1 Eanáir, 1999 - an lá ina dtiocfaidh an euro i réim. Mar sin féin, mar léiriú, d'fhéadfá a shamhlú gurbh fhiú an euro 80 pingin Éireannach: chiallódh sé seo go bhfaighfeá 1 euro agus 25
cent ar an bpunt Éireannach.
Cén chaoi ar tharla an Euro, an t-airgeadra singil?
Tá stair fhada ag baint leis an idé i dtaobh airgeadra singil : í ag dul siar go 1970 ar a laghad. I 1979 bunaíodh An Córas Airgeadaíochta Eorpach (CAE) chun cabhrú le buanseasmhacht airgeadra sa Chomhphobal. Sna hochtóidí deireanacha thug clár an mhargaidh Shingil breis fuinnimh dó. Cumhdaíodh an cinneadh chun
gluaiseacht i dtreo Aontais Eacnamaígh agus Airgeadais (AEA) (EMU) i gConradh Maastricht i 1992. Ar a 1 Eanáir, 1999 cuirfear tús le (AEA) (EMU). Ar an lá sin tiocfaidh an euro i réim mar airgeadra na mballstát rannpháirteacha san AEA, agus Éire san áireamh.
Céard iad na hiarmhairtí a
bheidh ag an EURO?
Tugann tionscnamh an euro a lán buntáistí leis, cosúil le : deireadh le fiontar an ráta malartaithe agus costais chúrsaí airgeadra iasachta le haghaidh tráchtála, turasóireachta agus infheistíochta i measc na mballstát rannpháirteacha : dóchúlacht rátaí úis íseal agus réasúnta comhionann; cothú buanseasmhachta i bpraghsanna; staid láidir teann in airgead poiblí agus fás íseal boilscithe go seasta.
D'fhéadfadh go mbainfeadh míbhuntáistí leis. Mar shampla, ní bheidh ballstát rannpháirteach ábalta feasta a chuid airgeadra a dhíluacháil ná a rátaí úis a athrú de thoradh ar athruithe i dtosca eacnamaíochta. Tá comhroinnt cheannais áirithe i gceist i bpolasaí airgeadais shingil. D'fhéadfadh costais ghearrthréimhseacha eascairt as do lucht gnó agus do dhaoine eile. Mar sin féin ba chóir go mba threise ná iad sin sa bhfadtréimhse na buntáistí den euro a léiríodh thuas.
Cén tionchar a bheidh ag an
EURO ar mo chuid oibre mar Mhúinteoir Bunscoile?
Soláthraíonn an curaclam reatha deiseanna do mhúinteoirí chun feasacht agus léirthuiscint dá gcathróireacht Eorpach a fhorbairt sna páistí, go háirithe ag an roinn shinsearach den scoil. Soláthróidh an curaclam athbhreithnithe, nuair a bheidh sé ar fáil, na deiseanna seo níos foirmiúla, go háirithe nuair atá na cláir nua, Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) agus Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta (OSIE) á dteagasc. I gcás na Matamaitice ní bheadh sé bunús ó thaobh an
oideachais de leis an euro a thabhairt isteach go foirmiúil go dtí an scoilbhliain 2001 / 2002 nuair a thiocfaidh na nótaí agus na monaí isteach sa chúrsaíocht agus gur féidir feidhm a bhaint as i múineadh choincheap an airgid. Athdhearbhaíonn an siollabas athbhreithnithe Matamaitice go láidir a thábhachtaí atá sé feidhm a bhaint as ábhair ionramhála i múineadh coincheap Matamaitice. Smaoinítear go dtabharfaidh ranganna sinsearacha faoi chleachtaí athruithe ag druidim le tabhairt isteach foirmiúil de na nótaí agus na monaí euro ar 1 Eanáir, 2002. Cabhróidh an siollabas Matamaitice athbhreithnithe le haistriú réidh
don euro ag an am cuí de réir mar a dhéantar eiseamláirí malartacha, ar a bhfuil an tairgeadra nua san áireamh, a chomhshnaidhmeadh.
Ullmhófar treoirlínte i dtaca leis an euro agus múinteoireacht bhunscoile le heisiúint chuig múinteoirí go luath san athbhliain (1999).
Cén tionchar a bheidh ag an EURO ar mo chuid oibre mar Mhúinteoir Iarbhunscoile?
Beidh tionchar ag tionscnamh an euro ar roinnt ábhar ag an leibhéal iarbhunoideachais, fiú más ar bhealach teoranta é sa chuid is mó de chásanna. In ábhair inar dócha go mbeidh a thionchar bunúsach iarrfar ar an gComhairle Náisiúnta Curclaim agus Measunachta na siollabais a athbreithniú i dtaca leis an athrú airgeadra. Tabharfar treoirlínte do scoileanna agus do mhúinteoirí faoi conas is féidir socruithe nua ar bith a chomhshnaidhmeadh isteach i gcúrsaí agus i gcláir atá ann faoi láthair. Cuirfidh na treoirlínte deiseanna chun suntais freisin conas déileáil leis an euro taobh istigh de chúrsaí agus de chláir atá ann. Ullmhófar iad le heisiúint chuig múinteoirí go luath san athbhliain (1999).
Áit ina bhfuil siollabais athbhreithnithe á dtabhairt isteach i scoileanna beidh treoir shonrach sna cláir agus sna doiciméid ionghairme faoin gcaoi ar féidir an t-airgeadra nua a chur san áireamh i gceart.
I gcás na Scrúduithe Teistiméireachta in ábhair agus i dtopaicí ábhárthacha táthar ag súil go mbeidh an euro mar bhonn le haghaidh na scrúduithe go léir ó Mheitheamh, 2002 ar aghaidh. Soláthrófar fógra foirmiúil do scoileanna, choláistí agus mhúinteoirí dhá bhliain acadúla ar a laghad roimh na scrúduithe cuí, chun caoi a thabhairt d'athruithe riachtanacha ina bpleananna agus ina gcláir mhúinteoireachta
a chur i gcrích.
Maidir le cláir neamhscrúdaithe, mar an Idirbhliain, spreagtar múinteoirí chun an
t-airgeadra nua a chomhshnaidhmiú isteach in achair ábharthacha agus chun feidhm a
bhaint as na hathruithe chun an diminsiún méadaithe Eorpach atá léirithe ag na socruithe nua a chur chun suntais.
I gcoitinne moltar go mba chóir d'údaráis scoileanna smaoineamh ar an euro a chur ar
an gclár le haghaidh cruinnithe foirne agus cruinnithe oiriúnacha eile le haghaidh eolais, plé agus aidhmeanna pleanála.
Téacsleabhair
Ní mheastar, i gcoitinne, go mbeidh gá ar bith le heagráin nua de théacsleabhair de bharr an airgeadra nua amháin. Áit ar bith inar gá cláir a thabhairt suas chun dáta tá sé pleanáilte go mbeidh na treoirlínte, ar déanadh tagairt dóibh níos túisce, cuimsitheach a ndóthain chun ligint do mhúinteoirí agus do mhic léinn feidhm a bhaint as leabhráin reatha.
An Bóthar chun an Euro
| 1951 |
Chuir Conradh Párais tús leis an dtiomáint chun breis imeasctha a chothú san Eoraip tríd an gComhphobal Eorpach do Ghual agus Chruach a bhunú, feachtas a thug tionscail ghuail agus chruach na Beilge, na Fraince, na Gearmáine, na hÍsiltíre, na hIodáile agus na Lucsambuirge faoi chomhairle choimheasa amháin. |
| 1957 |
Bhunaigh Conradh na Róimhe an Comhargadh a raibh de chuspóir aige tráchtáil idir na baillstáit a mhéadú agus polasaithe eacnamaíochta coiteanna a fhorbairt agus a chur chun críche. |
| 1979 |
Bunaíodh an Córas Airgeadais Eorpach chun cabhrú le timpeallacht do ráta malartaithe buanseasmhach a chothu. |
| 1987 |
Rinne an tAct Singil Eorpach soláthar do shaorghluaiseacht chiste, saothair, earraí agus seirbhísí. |
| 1992 |
Leagann an Conradh Maastricht amach, inter alia, scála ama i dtaca le comhlánú aontais airgeadais iomláin, agus airgeadra singil, an euro, san áireamh. |
Trí Chéim go AEA (EMU)
| Céim 1 |
Comhlánú Mhargadh Shingil an AE
(EU) agus comhordú níos dlúithe polasaithe eacnamaíochta. |
| Céim 2 |
Thosaigh sé ar 1 Eanáir, 1994, agus
bhí comhordú géaraithe de pholasaithe eacnamaíochta i gceist ann,m.sh. Monatóireacht ar chruthú cáinaisnéiseach na mBallstát. Ba sa stáid seo a bunaíodh Institiúid Airgeadais na hEorpa a dtáinig Banc Ceannais na hEorpa ina áit ó shin. |
| Céim 3 |
Tosaíonn sé ar 1 Eanáir, 1999 nuair a
thiocfaidh an euro i réim. |
Na Critéir don AEA (EMU)
Bhí ar na ballstáit a cháiligh chun dul i gcomhcheangail leis an euro líon de chritéir a chomhlíonadh. Go hachomair, cuireann siad siúd teorainn le méid na n-iasacht agus an leibhéal fiacha an rialtais agus dlíonn siad boilsciú íseal agus seasmhacht airgeadais.
Clár Ama le haghaidh Tabhairt Isteach an EURO
| Bealtaine, 1998 |
Dearbhaíodh na 11 ballstát rannpháirteacha agus fógraíodh na rátaí malartacha déthaobhacha idir a n-airgeadraí le dul i bhfeidhm ó 1 Eanáir, 1999. Bunaíodh Banc Ceannais na hEorpa i Meitheamh, 1998 agus tá an próiseas chuig polasaí singil airgeadais tosaithe aige. |
| 1 Eanáir, 1999 |
Tiocfaidh an euro i réim
agus beidh na rátaí comhshó socraithe go neamhaistrithe idir na hairgeadraithe rannpháirteacha agus an euro. As sin amach, beifear in ann bearta neamh-airgid a dhéanamh leis an euro. Leanfaidh nótaí puint
agus monaí airgid Éireannacha sa chóras cúrsaíochta. |
| 1 Eanáir, 2002 |
Cuirfear nótaí agus monaí euro sa chúrsaíocht agus tosnófar ar phuint agus monaí Éireannacha a tharraingt siar. |
| 1 Iúil, 2002 |
Ar a dhéanaí (agus cuid
mhaith níos luaithe de réir cosúlachta) beidh an t-athrú chuig an euro déanta. |
Dearradh na Nótaí agus na Monaí Euro
Roghnaíodh na dearaidh do nótaí an euro (atá coiteann do na stáit rannpháirteacha uile) tar éis comórtais dhearaidh tríd an Eoraip ar fad bunaithe ar an téama Aoiseanna agus Stíleanna na hEorpa , ag meabhrú oidhreacht chultúrtha na hEorpa. Beidh fuinneoga agus geataí ar na príomhghnéithe d'aghaidheanna boinn de gach nóta bainc. Beidh léirithe droichead atá tipiciúil d'aoiseanna difriúla d'fhorbairt na hEorpa ar na cúl-aghaidheanna. Béarfaidh na nótaí an focal euro freisin in aibítrí na Laidne agus na Gréigise, ceannlitreacha Bhanc Ceannais na hEorpa (BCE) i gcúig leagan agus síniú Uachtaráin an BCE.
Beidh agaidh Eorpach agus aghaidh náisiúnta ar na monaí. Roghnaíodh na dearaidh don aghaidh Eorpach tar éis comórtais dhearaidh san Aontas Eorpach uile, agus ba thoradh an aghaidh Éireannach ar chomórtas a d'eagraigh Banc Ceannais na hÉireann.
Seasann an aghaidh Eorpach don AE, i réimse d'fhoirmeacha : léiríonn na monaí 1, 2 agus 5
cent an Eoraip suite sa domhan, léiríonn na monaí 10,20 agus 50 cent an Eoraip mar bhailiúchán de náisiúin, agus léiríonn na monaí 1 agus 2 euro an AE gan teorainneacha. Léiríonn an aghaidh Éireannach do na hocht
monaí go léir na 12 réalt de bhratach an AE, an bhliain, an chláirseach agus an focal Éire.
Foinsí Eolais Breise:
Bord na hÉireann um an Athrú go dtí an Euro
15 Sráid Haiste, Iochtarach, Baile Átha Cliath, 2
Fón: 01-6396200 Fax 01-6396201
ÍsealGhlaoch: 1890 20 10 50
Suíomh Uige: www.euro.ie
Aonad Forbartha Ionghairme
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta,
Urlár 3,Teach Haicín, Baile Átha Cliath 2.
Fón: 01-8095018 Fax: 01-8788612
Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA)
24 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath, 2
Fón: 01-6617177/8 Fax: 01-6617180
Admhálacha
Déanadh an doiciméad eolais seo a ullmhú ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus an Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta le cabhair ó mhúinteoirí bunoideachais agus iarbhunoideachais agus
le cabhair airgeadais ó Bhord na hÉireann um Athrú go dtí an Euro agus ó Choimisiún na hEorpa.